| Program start date | Application deadline |
| 2024-09-01 | - |
Program Overview
Course Overview
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar ‘chleachtóir machnamhach’ sa mhórchraoltóir náisiúnta.
Láithreacha an Chláir
Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid Ollscoil na Gaillimhe, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais Ollscoil na Gaillimhe; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.
Líon na Mac Léinn
Beidh cúig áit déag ar a mhéid ar tairiscint in aghaidh na bliana.
Deiseanna Staidéir Breise
Beidh deis ag céimithe an chláir tabhairt faoi chlár taighde dochtúireachta sna Meáin, sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sa Ghaeilge.
Aidhmeanna agus Cuspóirí an Chláir
Torthaí Foghlama an Chláir
Ar chríochnú an chláir go sásúil, beidh an mac léinn in ann:
Tréithe Céimithe an Chláir
Ar thréithe céimithe an chláir beidh an cumas intleachtúil agus anailíse le léargas criticiúil a thabhairt ar na cúinsí sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha faoina bhfeidhmíonn na meáin sa tsochaí chomhaimseartha; chomh maith leis an gcruthaitheacht, an fhiosracht, an ghéarchúis, an fhísiúlacht agus an tsamhlaíocht atá ag teastáil le dul chun cinn suntasach a dhéanamh mar chleachtóirí machnamhacha sna meáin agus in earnálacha gaolmhara sa lá atá inniu ann. Anuas air sin déanfar a gcuid luachanna, eolas agus scileanna a chothú agus a fhorbairt.
Déan iarratas ag www.universityofgalway.ie/postgraduateapplications. Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d’fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh.
Who Teaches this Course
